Clár Trédhearcachta Is ann do roinnt míle grúpa agus eagraíocht, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha agus meithleacha machnaimh, nó corparáidí agus cumainn trádála, mar aon le hardáin saoránach, agus déanann siad iarracht dul i gcion ar an gcaoi a mbíonn ár ndlíthe á ndéanamh ag an Aontas Eorpach. Tá sé d’aidhm acu cabhrú leis an Aontas beartais a mhúnlú atá oiriúnach do riachtanais agus d’fhírinne na sochaí nó na ceirde, na cúise nó an ghnó ar leith dá ndéanann siad ionadaíocht. Is gné dhlisteanach riachtanach é sin de phróiseas daonlathach na cinnteoireachta. Ba cheart go mbeadh sé ar chumas gach aon duine an próiseas a leanúint agus a thuairim a chur in iúl. Tá Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ag obair as lámha a chéile chun an bhrústocaireacht thrédhearcach eiticiúil a chur chun cinn le go mbeidh an próiseas sin níos cuntasaí. Tá sé d’aidhm ag an gClár Trédhearcachta léiriú a thabhairt ar na leasanna a ndéantar ionadaíocht dóibh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ag am ar bith. Bunachar sonraí poiblí ar líne atá ann ar a gcláraíonn grúpaí sainleasa agus ar a bhfógraíonn siad go poiblí cé hiad féin, cé dó a ndéanann siad ionadaíocht, cé na beartais ar mhian leo dul i gcion orthu san Aontas, an cistiú atá acu, agus na hacmhainní a úsáideann siad le haghaidh a n‑iarrachtaí brústocaireachta. Tá clárúchán éigeantach ó bhí 2021 ann. Baineann sé sin le haon ionadaí sainleasa a dhéanann teagmháil dhíreach le hinstitiúidí Aontais. Mar shampla, ní féidir ach le páirtithe leasmhara cláraithe dul isteach ar áitribh an Aontais chun bualadh le feisirí, Coimisinéirí agus seirbhísigh phoiblí, agus suí ar shainphainéil. Cuimsítear leis freisin cruinnithe agus imeachtaí, físchomhdhálacha ina measc, a bhfuil sé d’aidhm acu dul i gcion ar an gcinnteoireacht. Ní mór do gach ionadaí sainleasa cláraithe cód iompair a shíniú. Cruthaíonn na hionadaithe próifíl ar líne faoina ngníomhaíochtaí brústocaireachta agus abhcóideachta i gceann ar bith de theangacha oifigiúla an Aontais, agus is iad atá freagrach as cruinneas na faisnéise agus as an bhfaisnéis a choinneáil cothrom le dáta. Déantar seiceáil ar gach eagraíocht nua a chuireann isteach ar chlárúchán. Is féidir eagraíochtaí a bhaint den bhunachar sonraí ar feadh suas le dhá bhliain mura gcloíonn siad leis an gcód iompair. Tá breis is 12,000 ionadaí sainleasa cláraithe anois breis is deich mbliana tar éis an chéad Chláir Trédhearcachta idirinstitiúidigh. Leis an gClár Trédhearcachta, cinntítear grinnscrúdú níos mó ar an mbrústocaireacht, lena gcuimsítear na brústocairí féin agus na Feisirí Parlaiminte agus na seirbhísigh phoiblí a bhuaileann leo. Ar an gcaoi sin, cabhraíonn an trédhearcacht ó thaobh na brústocaireachta de ionadaíocht chothrom a chothú agus brú míchuí nó rochtain faoi phribhléid ar fhaisnéis nó ar an lucht cinnteoireachta a sheachaint. Ina theannta sin, cuirtear ar a gcumas do dhaoine eolas a fháil ar na páirtithe goléir a bhíonn i mbun ceapadh beartais san Aontas Eorpach. Sa lá atá inniu ann, is uirlis iontaofa atá sa Chlár Trédhearcachta chun daonlathas Eorpach níos láidre agus níos oscailte a bhaint amach.