Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Clár Trédhearcachta

Treoraíocht

An dóigh le clárú

Tugtar eolas praiticiúil sna treoirlínte d’iarratasóirí agus do chláraithe chun cuidiú leat tríd an bpróiseas clárúcháin tosaigh agus trí na nuashonruithe ina dhiaidh sin.

Léigh go cúramach iad sula líonann tú isteach an fhoirm, chun a fháil amach cén t-eolas is gá duit a chur ar fáil agus cén fhormáid ina gcuirfidh tú ar fáil é.

Féach freisin ár gceisteanna coitianta

Go hidéalach, is mar seo a leanas a dhéanfaidh tú d’iontráil sa chlár:

1. Trédhearcach – próifíl, comhdhéanamh, cleamhnacht agus spriocanna d’eagraíochta a chur in iúl go soiléir, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí sa Bhruiséil agus teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais

2. Ábhartha – cuntas soiléir a thabhairt ar do chuid gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an chláir

3. Beacht – an t-eolas a iarrtar faoi gach ceannteideal a chur ar fáil ar bhealach soiléir comhsheasmhach iomlán cruinn, agus míniú a chur leis sa bhosca ‘eolas comhlántach’ i gcás inar gá

4. Dea-struchtúrtha – gan bheith rófhada ná ró-ghann ar eolas; naisc chuig eolas breise i gcás inarb ábhartha

5. Cothrom le dáta – é a thabhairt cothrom le dáta go rialta, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí, sonraí teagmhála, cliaint agus acmhainní (airgeadais agus foirne).

Cé is ceart a chur leis an gclár?

Ionadaithe sainleasa

Ciallaíonn sé sin aon eagraíocht nó duine aonair a bhíonn ag déanamh gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gcomhaontú idirinstitiúideach, agus é de chuspóir acu tionchar a imirt ar fhoirmliú nó ar chur chun feidhme beartais nó reachtaíochta, nó ar phróisis chinnteoireachta institiúidí an Aontais Eorpaigh

Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna gníomhaíochtaí sin:

  •   cruinnithe, comhdhálacha nó imeachtaí a eagrú nó rannpháirt a ghlacadh iontu;
  •   rannpháirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin nó in éisteachtaí
  •   feachtais chumarsáide, ardáin, líonraí nó tionscnaimh chosmhuintire a eagrú
  •   páipéir bheartais agus sheasaimh, leasuithe, pobalbhreitheanna, suirbhéanna, etc., a ullmhú nó a choimisiúnú.

Ní bhaineann an clár le daoine aonair a bhíonn ag gníomhú i gcáil phearsanta amháin agus nach bhfuil i gcomhar le daoine eile

Cúiseanna maithe le clárú

Má chláraíonn tú, is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • tiomantas láidir a léiriú i leith na hoscailteachta maidir leis na sainleasanna a ndéanann tú ionadaíocht dóibh i do chaidreamh le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh
  • do phróifíl a ardú sa Bhruiséil
  • a léiriú do do chomhpháirtithe agus d’iomaitheoirí go bhfuil tú faoi cheangal ag cód iompair an chláir
  • roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh nach féidir le grúpaí neamhchláraithe a dhéanamh.

Cad é a bhfuil tú ina theideal a dhéanamh leis an gclár?

Ní mór duit a bheith cláraithe chun bheith in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:  

  • údaruithe rochtana ar áitreabh Pharlaimint na hEorpa a iarraidh do dhaoine aonair a dhéanann ionadaíocht do d’eagraíocht
  • cuireadh a fháil chun labhairt ag éisteachtaí choiste na Parlaiminte
  • a bheith in ann rannpháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí idirghrúpaí agus grúpálacha neamhoifigiúla eile arna n-eagrú in áitreabh na Parlaiminte
  • bualadh le hArd-Rúnaí agus le hArd-Stiúrthóirí Ardrúnaíocht na Comhairle
  • rannpháirt a ghlacadh i seisiúin eolais ábhar-shonracha d’ionadaithe sainleasa arna n-eagrú ag Ardrúnaíocht na Comhairle
  • rannpháirt a ghlacadh, i do cháil ghairmiúil, mar chainteoirí in imeachtaí poiblí arna n-eagrú ag Ardrúnaíocht na Comhairle
  • bualadh le Coimisinéirí, comhaltaí dá n-oifig phríobháideach (cabinet) agus Ard-Stiúrthóirí sa Choimisiún
  • cuireadh a fháil chun dul isteach i ngrúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin.

Féach an leathanach Coinníollachta chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na gníomhaíochtaí ionadaíochta sainleasa ar gá duit clárú ina leith.