Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Clár Trédhearcachta

Coinníollacha maidir le teagmhálacha le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh

Chun beartaíocht thrédhearcach eiticiúil le grúpaí sainleasa a chur chun cinn, leagann institiúidí an Aontais coinníollacha áirithe síos maidir lena n-idirghníomhaíocht leis na comhlachtaí sin.

Tá an prionsabal (‘coinníollacht’) sin leagtha síos sa chomhaontú idirinstitiúideach maidir le Clár Trédhearcachta. 

Cuireann gach institiúid an prionsabal sin chun feidhme trí cheann amháin de 2 chineál cinnidh aonair a dhéanamh: 

  1. Bearta coinníollachta – bíonn gníomhaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag ionadaithe sainleasa coinníollach ar iad a bheith cláraithe sa Chlár Trédhearcachta.
  2. Bearta comhlántacha trédhearcachta – chun clárú a spreagadh agus an trédhearcacht a neartú.

Foilsítear gach beart coinníollachta agus gach beart comhlántach trédhearcachta arna ghlacadh ag na 3 phríomhinstitiúid den Aontas (mar atá an Coimisiún, an Chomhairle agus an Pharlaimint) thíos.

D’fhéadfadh bearta a bheith ann ó institiúidí eile de chuid an Aontais agus ó thíortha an Aontais (lena gcumhdaítear idirghníomhaíocht na n-ionadaithe sainleasa lena mbuanionadaíochtaí chuig an Aontas).

Is bearta coinníollachta iad cinntí a bhfuil marc * ag gabháil leo (agus is gá clárú roimh ré dá bhrí sin).

Cuireadh na bearta coinníollachta agus na bearta comhlántacha trédhearcachta seo a leanas in iúl don bhord bainistíochta (is bearta coinníollachta iad cinntí a bhfuil * leo agus a bhfuil clárú roimh ré riachtanach ina leith):