Cad é an Clár Trédhearcachta?
Is bunachar sonraí é an Clár Trédhearcachta ina liostaítear ‘ionadaithe sainleasa’ (eagraíochtaí, comhlachais, grúpaí agus daoine féinfhostaithe) a dhéanann gníomhaíochtaí chun tionchar a imirt ar phróiseas cinnteoireachta agus beartais an Aontais.
Tá sé ceaptha chun a léiriú don phobal cé na sainleasanna dá bhfuil ionadaíocht á déanamh ar leibhéal an Aontais, cé a dhéanann ionadaíocht do na sainleasanna sin, agus cé a bhfuil an ionadaíocht sin á déanamh thar a gceann, chomh maith leis na hacmhainní a dhírítear ar na gníomhaíochtaí sin (tacaíocht airgeadais, tabhartais, urraíocht, etc., san áireamh). Tá na príomhghnéithe seo a leanas sa chlár:
- Suíomh gréasáin poiblí ar a gcláraíonn ionadaithe sainleasa eolas cothrom le dáta faoina ngníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais
- Cód iompair lena rialaítear an chaoi ar cheart d’ionadaithe sainleasa idirghníomhú le hinstitiúidí an Aontais
- Sásra gearán chun a chur ar a chumas d’aon duine fiosrúchán riaracháin a thionscnamh maidir le cásanna ina líomhnaítear nár chloígh ionadaithe sainleasa cláraithe leis an gcód.
Tras-scríobh físe
An Clár Trédhearcachta
Déanann na mílte grúpaí agus eagraíochtaí, cuir i gcás eagraíochtaí neamhrialtasacha agus meithleacha machnaimh, nó corparáidí agus comhlachais trádála chomh maith le hardáin saoránach, iarracht tionchar a imirt ar an gcaoi a ndéanann an tAontas Eorpach ár ndlíthe.
Is é an aidhm atá acu: cuidiú le hinstitiúidí an Aontais beartais a mhúnlú atá ag teacht le riachtanais agus réaltachtaí na sochaí nó na trádála, na cúise nó an ghnó ar leith ar a ndéanann siad ionadaíocht.
Is cuid dhlisteanach riachtanach den phróiseas cinnteoireachta daonlathach é sin. Ba cheart gach duine a bheith in ann é a leanúint agus a dtuairimí a chur in iúl.
Tá Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ag obair le chéile chun brústocaireacht thrédhearcach eiticiúil a chur chun cinn chun an próiseas sin a dhéanamh níos cuntasaí.
Tá an Clár Trédhearcachta ceaptha chun léiriú a thabhairt tráth ar bith ar na sainleasanna a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu ar leibhéal an Aontais.
Is bunachar sonraí poiblí ar líne é ina gcláraíonn grúpaí sainleasa agus ina ndearbhaíonn siad go poiblí cé hiad féin, cé hiad na daoine a ndéanann siad ionadaíocht orthu, cad iad na beartais de chuid an Aontais ar mian leo tionchar a imirt orthu, conas a mhaoinítear iad agus na hacmhainní a dhíríonn siad ar a n-iarrachtaí brústocaireachta.
Tá clárú éigeantach de facto ó bhí 2021 ann.
Baineann sé sin le haon ionadaí sainleasa a théann i dteagmháil dhíreach le hinstitiúidí an Aontais.
Mar shampla, ní féidir ach le páirtithe leasmhara cláraithe rochtain a fháil ar áitribh institiúidí an Aontais chun bualadh le Feisirí, Coimisinéirí agus státseirbhísigh agus a bheith ar phainéil saineolaithe.
Cumhdaítear leis freisin cruinnithe agus imeachtaí, cuir i gcás físchomhdhálacha, arb é is aidhm dóibh tionchar a imirt ar an gcinnteoireacht.
Ní mór do gach ionadaí sainleasa cláraithe cód iompair a shíniú.
Cruthaíonn siad próifíl ar líne faoina ngníomhaíochtaí brústocaireachta agus abhcóideachta in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus tá siad freagrach as cruinneas an eolais agus as é a choinneáil cothrom le dáta.
Déantar seiceáil ar gach eagraíocht nua a dhéanann iarratas ar chlárú.
Is féidir aon eagraíocht a bhaint den bhunachar sonraí ar feadh suas le 2 bhliain mura gcomhlíonann sí an cód iompair.
Breis agus 10 mbliana tar éis an chéad Chláir Trédhearcachta idirinstitiúidigh, tá níos mó ná 12,000 ionadaí sainleasa cláraithe anois.
Cinntíonn an Clár Trédhearcachta go ndéantar grinnscrúdú níos géire ar bhrústocaireacht, rud a chumhdaíonn na hionadaithe sainleasa chomh maith le lucht déanta cinntí a bhuaileann leo.
Ar an gcaoi sin, cuidíonn trédhearcacht brústocaireachta chun ionadaíocht chothrom a chothú agus brú míchuí nó rochtain phribhléideach ar eolas nó ar lucht déanta cinntí a sheachaint.
A bhuí leis freisin, is féidir le daoine a bheith ar an eolas faoi na páirtithe uile a bhfuil baint acu le ceapadh beartais an Aontais.
Sa lá atá inniu ann, is uirlis iontaofa é an Clár Trédhearcachta a chuidíonn chun daonlathas Eorpach níos láidre agus níos oscailte fós a bhaint amach.
Idirphlé oscailte
Bíonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach oscailte agus trédhearcach agus iad i mbun idirphlé rialta le hionadaithe sainleasa agus leis an tsochaí shibhialta.
Bíonn na hinstitiúidí sin de chuid an Aontais i dteagmháil le raon leathan eagraíochtaí agus grúpaí a dhéanann ionadaíocht do shainleasanna sonracha. Is cuid dhlisteanach riachtanach den phróiseas cinnteoireachta é sin, rud a chinntíonn go léiríonn beartais an Aontais riachtanais na sochaí mar is ceart.
Mar sin féin, ní mór an próiseas sin a bheith oscailte, chun gur féidir grinnscrúdú poiblí cuí a dhéanamh agus chun a chinntiú go mbeidh institiúidí an Aontais freagrach do shaoránaigh na hEorpa.
Dá oscailte an próiseas, is amhlaidh is éasca atá sé ionadaíocht chothrom na ngrúpaí leasmhara uile a chinntiú agus brú míchuí nó rochtain phribhléideach ar eolas nó ar chinnteoirí a sheachaint do pháirtithe áirithe.
Tá na rialacha agus na prionsabail lena rialaítear an clár leagtha amach i gcomhaontú idirinstitiúideach idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún.
Nuacht
Ón 1 Meán Fómhair 2025 beidh feidhm ag rialacha nua maidir le cruinnithe le hionadaithe sainleasa.
From now on, the Register will automatically compare the financial information given by clients and intermediaries.
This will help to improve data quality and spot possible inconsistencies in their declarations.
NEW: Transparency Register gets a new feature – Re-activation of removed registrations with the same registration (REG) number


