Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Clár Trédhearcachta

Tagairtí dlí agus cosaint sonraí

Cód iompair

Tá iarratasóirí incháilithe le bheith cláraithe ar an gClár Trédhearcachta má leanann siad prionsabail eiticiúla agus iompraíochta áirithe le linn dóibh obair ionadaíochta leasa a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais.

Leagtar na prionsabail amach i gcód iompair atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú idirinstitiúideach agus déantar achoimre orthu anseo thíos.

-----

Ní mór do chláraithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) ina gcaidreamh le haon institiúid de chuid an Aontais, iad féin a shainaithint i gcónaí de réir ainm agus uimhir chlárúcháin agus luafaidh siad an eagraíocht/na heagraíochtaí dá n-oibríonn siad nó a ndéanann siad ionadaíocht orthu

(b) dearbhóidh siad na leasanna agus na cuspóirí a chuireann siad chun cinn, agus sonróidh siad na cliaint nó na comhaltaí a ndéanann siad ionadaíocht orthu mar aon, i gcás inarb infheidhme, a n-uimhir chlárúcháin

(c) ní dhéanfaidh siad (iarracht) eolas ná cinntí a fháil go mímhacánta ná trí bhrú míchuí, iompar míchuí nó teanga mhaslach

(d) ní bhainfidh siad mí-úsáid as a gclárúchán chun sochar tráchtála a fháil ná ní dhéanfaidh siad éifeacht an chlárúcháin a shaobhadh ná mífhaisnéis a thabhairt ina leith

(e) ní dhéanfaidh siad damáiste do chlú an chláir ná ní dhéanfaidh siad dochar d’institiúidí an Aontais, ná ní úsáidfidh siad a lógónna gan údarú sainráite

(f) a chinntiú go bhfuil an t-eolas a chuireann siad ar fáil agus iad ag clárú iomlán, cothrom le dáta, cruinn agus nach bhfuil sé míthreorach, agus go n-aontóidh siad lena cur ar fáil don phobal

(g) cloí leis na rialacha, cóid agus treoirlínte ábhartha arna mbunú ag institiúidí an Aontais

(h) gan Feisirí, Coimisinéirí ná baill foirne an Aontais a spreagadh chun na rialacha agus na caighdeáin iompair is infheidhme maidir leo a shárú

(i) má fhostaíonn siad iar-FPEnna, iar-Choimisinéirí nó iarbhaill foirne de chuid an Aontais, cloífidh siad leis na ceanglais rúndachta agus leis na rialacha a bhfuil siad ina gceangal orthu tar éis dóibh a n-institiúid a fhágáil, chun coinbhleachtaí leasa a chosc

(j) más rud é go bhfuil siad ag gabháil do chaidreamh idir cliant agus idirghabhálaí:

     (i) a chinntiú go bhfuil na páirtithe go léir cláraithe

     (ii) a chinntiú go bhfoilsítear an t-eolas ábhartha maidir leis an gcaidreamh

(k) i gcás ina seachfhoinsíonn siad cúraimí ionadaíochta áirithe chuig tríú páirtithe nach bhfuil cláraithe, a chinntiú go leanfaidh siad caighdeáin eiticiúla atá coibhéiseach leo sin a bhfuil feidhm acu maidir le cláraithe

(l) cuirfidh siad faoi bhráid na Rúnaíochta, má iarrtar sin, ábhar tacaíochta lena léirítear a n-incháilitheacht agus cruinneas na faisnéise a tíolacadh, agus comhoibreoidh siad go dílis agus go cuiditheach leis an Rúnaíocht

(m) admhóidh siad go bhféadfaidís a bheith faoi réir na nósanna imeachta imscrúdaithe agus faoi réir bearta a leagtar amach in Iarscríbhinn III

(n) a chinntiú go gcuirfear aon duine dá gcuid fostaithe atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí ionadaíochta ar an eolas faoina ngealltanas mar chláraithe chun cloí leis an gcód iompair seo

(o) na cliaint nó na comhaltaí a ndéanann siad ionadaíocht orthu a chur ar an eolas faoina dtiomantas cloí leis an gcód seo 

(p) leanfaidh siad na rialacha agus na socruithe sonracha rochtana agus slándála arna mbunú ag na hinstitiúidí is sínitheoirí agus seachnóidh siad aon bhac ar na rialacha agus na socruithe sin.

-----

Chun an rúnaíocht a chur ar an eolas faoi aon sárú ar an gcód ag cláraí, bain úsáid as an bhfoirm ar leathanach gréasáin na ngearán.

Cosaint sonraí

Foilseacháin Ghinearálta8 Meitheamh 2023
Joint data protection notice - Transparency Register